All Contributors 2016

Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Poet

Rugadh agus tógadh Ailbhe Ní Ghearbhuigh i dTrá Lí, Co. Chiarraí. D’fhreastail sí ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, áit ar dhein sí staidéar ar an nGaeilge agus ar an bhFraincís. Tá tréimhsí caite aicí sa Fhrainc, in Épernay, Rennes, agus Bordeaux. Chaith sí bliain i Nua Eabhrac ar scoláireacht Fulbright ag teagasc na Gaeilge. Bhronn an Chomhairle Ealaíon sparántacht uirthi agus tá sí fillte ar Ghaillimh arís. Tá dánta léi in An Guth, Feasta, Crannóg agus Poetry Ireland Review. Scríobhann sí ailt ó am go chéile in ‘Beocheist’ san Irish Times. Tá roinnt dá saothar filíochta aistrithe ag Gabriel Rosenstock. D’fhoilsigh Coiscéim a céad chnuasach filíochta in 2008. Léigh sí ag féile litríochta Imram agus ghlac sí páirt i gCuairt na bhFilí go hAlbain. Foilsíodh a céad chnuasach filíochta i 2008 dár teideal Péacadh.

Ailbhe Ní Ghearbhuigh was born in Tralee, Co. Kerry in 1984 into an Irish-speaking family and was educated through Irish at Scoil Mhic Easmainn and at Gaelcholáiste Chiarraí. She studied Irish and French at NUI Galway and she lived for several years in France, after graduation, where she taught in the language programme at Bordeaux University. Returning to Galway, she undertook a Masters Degree in Modern Irish.  In 2007 she taught Irish in the CUNY Institute for Irish-American Studies at Lehman College in the Bronx as part of the Fulbright Programme. Her first collection, Péacadh, was published by Coiscéim in 2008. In 2014 her doctoral thesis was awarded the Adele Dalsimer Prize for Distinguished Dissertation. Her poetry frequently has an urban setting – Bordeaux, New York, Galway – and she celebrates the busyness and energy and sounds of the city.  Her work was shortlisted for RTÉ’s A Poem for Ireland project in 2015.